An chúis a mbeidh mé ag máirseáil (Why I’m Marching)

As we do every year, we’ve been asking you to tell us why you are marching in this year’s March for Choice. Thanks to all who have sent us your thoughts. In this post, Derek tells us in Irish about his journey as an activist and the importance of showing the Government that we demand change. Go raibh maith agat! 
If you would like to tell us why you’re marching this year (in any language), please email 
[email protected]

“Ní dhéanfar an t-ochtú leasú a aisghairm go dtí go dtuigeann an rialtas go bhfuil meon mhuintir na tíre ag athrú go fóill agus nach bhfuil sé maith go leor go bhfuil tionchar ag an dlí ársa seo orainn fós.”

Ní duine polaitiúil mé. Ní duine trodach nó achrannach mé ach oiread. An nós a bhí agam go dtí seo ná tacú go ciúin leis na feachtais ar aontaigh mé leo agus ligean do dhaoine níos spreagúla agus níos eolaí ar an ábhar dul i mbun cainte (nó argóna). I gcás an ochtú leasú, is iomaí duine atá tar éis an-chuid dua a chaitheamh thar na blianta le cearta ban a chosaint agus a chur chun cinn in ainneoin na sochaí coimeádaí ina mairimid. Tá sé i gceist agamsa, agus na mílte eile ar an 30 Meán Fómhair, tacú leis na hoibrithe dochloíte seo a leanann orthu ag snámh in aghaidh easa agus a dhéanann a seacht ndícheall deireadh a chur le lorg eile de chuid chumhacht na hEaglaise Caitlicí sa tír seo. Sin an chúis a mbeidh mé ag máirseáil.

Céim mhór chun tosaí a bhí i dtoradh an reifrinn ar phósadh comhghnéis gan amhras ach is fiú a rá gur vótáil os cionn 700,000 duine in aghaidh an rúin chomh maith. Go leor bainte amach, i bhfad níos mó le cur i gcrích, mar a deir páirtí polaitíochta áirithe nach bhfuil sásta méar a leagan fiú ar thopaic an mhórshiúil.

D’éirigh le muintir na hÉireann an bhunreacht a athrú in 2015 i ndiaidh feachtas leanúnach lán fuinnimh agus díograise a thaispeáin go bhfuil mana nua-aimseartha i bhfeidhm ar an oileán.

Agus ní dhéanfar an t-ochtú leasú a aisghairm go dtí go dtuigeann an rialtas go bhfuil meon mhuintir na tíre ag athrú go fóill agus nach bhfuil sé maith go leor go bhfuil tionchar ag an dlí ársa seo orainn fós. Sin an chúis a mbeidh mé ag máirseáil.

Beidh mé ag siúl tríd an bpríomhchathair ag deireadh na míosa leis an bhfód a sheasamh in aghaidh aineolais agus bhréag na ngrúpaí atá ar son na beatha. Bheartaigh mé i mbliana nach raibh mé sásta éisteacht leis an bhfuath agus an dímheas a bhíonn á spalpadh acu a thuilleadh. Tá sé ríthábhachtach a léiriú dóibh go bhfuil siad ina mionlach anois agus gur tír fhorásach nua-aimseartha muid nach bhfuil sásta maireachtáil ar pholasaithe de chuid an fichiú haois a thuilleadh. Táim bréan den ‘díospóireacht’. Táim bréan de bheith ‘tuisceanach’ ar thaobh eile na ceiste. Táim bréan den dearcadh a chuireann an milleán ar mhná i gcónaí. Táim bréan de thír nach dtugann an dara rogha do na mílte ban ach taisteal go tír eile le smacht iomlán a fháil ar a gcorp féin.

Sin an chúis a mbeidh mé ag máirseáil.

– Derek, Baile Átha Cliath

 

Image: March for Choice 2016. Photo credit: Renee Summers